.comment-link {margin-left:.6em;}

 

+++ to secure your transactions use the Bitcoin Mixer Service +++

 

Aduaidh

Focail fé thuairim i nGaoluinn.

22.8.07

Fáilte romhat, a mhic.


Is é seo an dara mac againn;
rugadh sé aréir.

"Pádraic Donnchadh" atá air.
(Do thug mo bhean chéile an t-ainm do)

Tá fáilte romhat, a mhic.
Tá áthas orainn a bhuail leatsa!


Tags: ,

13.8.07

"Coinín" is ainm don chat.









Do fuaireamair cat nua an fhómhar so caite;
"Eoghainín" a thugtar air.

Is créatúr breá é, agus réitíonn sé go maith
leis na hainmhithe eile sa tigh.
Ach ní féidir le mo mhacsa Artúr (3 bhliain d'aois)
an t-ainm sin a rá ar chúis éigin ait.
Tugann sé "Coinín" air ina áit.

"Ach féach ar na pictiúir seo sa leabhar so" arsa mé, ag taispeáint coiníní deasa éagsúla dó. "Cad iad san?"

"Coiníní! " ar seisean, ag féachaint orm mar atáim craiceáilte.

"Agus an bhfuil cluasa fada acu?"

"Tá."

"Féach ar Eoghainín thall ansan. An bhfuil cluasa fada aige?"

"Níl."

"Ceart go leor" arsa mé. "An cat é, nó coinín?"

"Cat."

"Mar so, cad is ainm don chat?"

"Coinín" ar seisean, a shúile ag lonrú go hábhailleach.



Tags: ,

8.6.07

Acra Dé

Do chuas i n-éineacht lem mhac-sa thar n-ais chun áit choillteach inniubh. I n-aice leis an aerfort atá sí, agus tugann daoine "Acra Dé" uirthí (cé go bhfuil mórán acra inti!).

Do thug Solomon Parsons an fearann so do Dhia i 1840; ba Mhillerite é, agus níorbh gá leis tar éis an dara teacht Íosa -- do mheas Parsons do bheadh an eachtra san i 1844. Dá bhrí sin, do snoigh sé gníomhas i gcarraig agus d'fhan sé i n-éineacht lena lucht leanúnaí leis an dTiarna. Do tháinig an Díomá Mhór in ionad.

Tar éis tamaill, do chuaigh na Millerites do chúrsaí eile, ach d'fhág Parsons an talamh lena Dhia.

Nach deas é?

Ach níor íoc an Tiarna a chánacha riamh . . . mar sin, is le Worcester "Acra Dé" anois.

Is dócha go bhfuil sé sin go maith -- is ceantar shrianta é anois, mar tá linnte earraigh ar fud na háite ansan.

Tá Carraig an Ghníomhais ann fós, suite i measc an choill ar thaobh an chnoic (Cnoc an Nathrach Shligreach). Do bhí teampall ag na Millerites sa choill fadó, ach ní bhfaighidh an cuairteoir ach poll óna shiléar ann anois.

Tá cosáin deasa anso 's ansan ag ardú an chnoic; is breá linn a bheith istigh sa choill san fhómhar nuair a bhíonn dathanna éagsúla ar na duilleoga. Agus ní fhaighimíd aon nathair shligreach ar bith ar an gcnoc mar do fuaireadar bás go léir um 1800, buíochas le Dia.


Tags: ,

21.8.06

ag déanamh staighrí sa choill



Tá clós deas mór agam, le claí timpeall air, ar barr Cnoic an Nathrach Shligreach (ní bhíonn siad ina gcónaí anso fós!). Tá féar ag fás ar an dtalamh mar plásóg (nó mar páirc nuair a bhíonn an bainte uaithi!), agus crainn anso 's ansúd.

Tá coill agam leis, siar den chlós, agus ní bhíonn claí ar bith timpeall air. Suite atá sí ar fána géar dul fána chun sruth earrachúil ó Acra Dé (scéal eile!).

Ní bainimíd úsáid as an choill, mar bíonn sí foircthe le fiailí 's crainn beaga. An samhradh so, bím ag gearradh roinnt de na crainn beaga agus na fiailí, agus bím ag déanamh iarracht ar an t-eidhneán nimhe a bhású.

Agus bím ag déanamh staighrí, an fána géar a bhisiú. Úsáidim clocha mhóra leibhéalta, curtha ar an bhfána -- gach aon staighre i ngar le cheile sna áiteanna níos giorra, ach amach ó chéile sna áiteanna níos leibhéal.

I ndiaidh na clocha, lánaím iad le cré, agus cuirim síolta féar orthu. Tá súil agam go coinníonn na fréamhacha na staighrí le chéile.

Do dheineas cúig staighre fós. Is éigean dom mórán eile a dhéanamh. Le cúnamh Dé, críochnód roimh deireadh na mbliana.


Tags: , ,

19.8.06

Adhmáil


Seo é mo cheannsa gach samhradh:









Ní maith liom na míonna teo. Táim im' chónaí i Sasana Nua, agus bíonn an teocht ró-ard anso gach samhradh.

Bíonn mórán daoine anso i ngrá leis an ghrian, leis na teochta arda, agus leis na laethanta fada. Ní maith liom aimsir te ar bith. Cuireann mo cheannsa allais ar feadh an lae, agus san oíche chomh maith.

B'fheidir go mbím ag smaoineamh ró-ghéar. Nó b'fhéidir go mbíonn corp ait agam.

Is fearr liom aimsir fuar 's fliuch, agus is breá liom laethanta níos giorra, mar is fearr liom a bheith im' chodladh go luath gach oíche.

Bím ar thaobh an mhionlaigh.

Tags: , ,

16.8.06

Do fuaireamair ceann eile!


Do bhíos in éineacht le mo bhean chéile i mBrooklyn (baile beag i gConnecticut) inniubh. Do thugamair cuairt ar Phlandlann Quackin' Grass. Is maith linn í; tá mórán fásra 's crainn ar fháil ansan. Agus bíonn na praghasanna ana-mhaith.

Ba mhian liomsa Cunninghamia lanceolata a cheannach, ach b'fhearr le mo bhean chéile Metasequoia glyptostroboides nua a fháil.

Do cheannaíomair ár dára Chrónghiúis na Camhaoire inniubh. Cuirfead amáireach í.

Raghad thar n-ais im aonair an chéad uair eile, agus b'fhéidir go gheobhad an Cunninghamia.


Tags: , ,

15.8.06

Crónghiúis na Camhaoire

















Crann suimiúil is ea Metasequoia glyptostroboides. Fadó, do bhíothas an meas ann go raibh an crann so imithe in éag. Ach fuarthas coill sa tSín sna daichidí, agus anois, tá siad ag fás ar fud an domhain.

Do chuireas Crónghiúis na Camhaoire in aice le mo thighse sé bhliain ó shin, nuair a bhí sí dhá mhéadar ar airde. Anois, tá sí níos airde ná mo dhíonsa! Is breá liom í.

Tá Crónghiúis na Camhaoire le feiscint sa chrannlann is fearr chomh maith.


Tags: , ,