+++ to secure your transactions use the Bitcoin Mixer Service +++

 

     
�bhar don Mhac L�inn 1. Daonnachas Print
Daonnachas
 
Ní chreideann daonnachaithe in aon cheann díobh seo a leanas:
Cód iompair a thagann ó Dhia nó ó dhéithe.
Dia nó déithe.
Neamh nó saol eile.
Aon rud níos cumhachtaí ná an duine féin.
 
Seo a leanas na nithe ina gcreideann daonnachaithe
Go mbíonn gníomhartha macánta nó mallaithe de réir mar a théann siad i bhfeidhm ar dhaoine eile.
Gur ag daoine amháin atá réiteach fadhbanna an chine dhaonna.
Gur i bhfoirmeacha simplí beatha a thosaigh an saol agus gur uathu sin a d'eascair, trí phróisis nádúrtha, foirmeacha beatha a bhí níos casta.
Gurb iad daoine amháin a théann i bhfeidhm ar a mbíonn i ndán don domhan.
Go mbíonn comhchearta ag gach duine
 
Daonnachas agus an Riail Óir
An Riail Óir
Bíonn rud le rá aici maidir le ceart agus mícheart, maith agus olc
Ní mar a chéile an friotal sna creidimh éagsúla
Cuireann sí dearcadh atá mórán mar a chéile in iúl i gcónaí maidir le ceart agus mícheart
 
 
Cé nach gcreideann Daonnachaithe i nDia ná i ndéithe creideann siad i luachanna a chuirtear in iúl tríd an 'Riail Óir'.
 
 
Búdachas
Ná gortaigh daoine eile i slí a ghortódh tú féin.
 
An Chríostaíocht
Caith le daoine eile i ngach cás de réir mar ba mhian leat go gcaithfí leatsa.
 
Hiondúchas
Is é seo bun agus barr an dualgais: Ná caith le haon duine eile i slí a ghoillfeadh ortsa dá gcaithfí ar an gcuma sin leatsa.
 
Ioslam
Ní duine le creideamh aon duine agaibh go dtí go santaíonn dá dheartháir an rud a shantaíonn sé dó féin.
 
Giúdachas
An rud a ghoillfeadh ort féin, ná déan é sin ar dhaoine eile.
 
Ceist
Cad é an luach a bhraithfeadh daonnachaithe a bheith i Riail Óir gach creidimh?
 
Clár de Luachanna an Daonnachais
Is luachmhar le daonnachaithe gach aon tréith a chuireann le daonnacht daoine
 
Ag seo liosta solaoidí:
 
Cóir
 
Caoinfhulaingt
 
Cumarsáid oscailte
 
Misneach
 
Mothúcháin
 
Neamhspleáchas
 
Saoirse
 
Comhoibriú
 
Imní i dtaobh an domhain agus a bhfuil i ndán dó
 
 
 
Cuimhnigh
 
Cúis ghníomhaithe is ea luach.
Nuair is luachmhar le daoine rud ar bith spreagann sé iad chun gníomhú i slí ar leith.
 
Luachanna an Daonnachais
Bíonn cúis faoi leith ag daonnachaithe le maireachtáil de réir gach luach de na luachanna.
Creideann daonnachaithe gur tábhachtach an ní é cúis a bheith ag duine leis na luachanna a bhíonn aige.
Tuigtear go bhfuil tábhacht le gach luach.
 
Déan comhordú idir an luach agus an chúis a gceaptar tábhacht a bheith leis
 
Cóir                  Neamhspleáchas           Caoinfhulaingt
Misneach          Saoirse                         Cumarsáid oscailte
Mothúcháin       Comhoibriú                   Imní i dtaobh an domhain agus a bhfuil i ndán dó
 
·              Bíonn a cheart féin ag gach duine ar a thuairimí féin fad is nach mbíonn daoine eile thíos le torthaí na dtuairimí sin
·              Bíonn de dhualgas ar gach duine dul i dtuiscint ar dhaoine eile chun go dtuigfidh siad a chéile agus go gcabhróidh siad le chéile
·              Ba cheart idir íogaireacht agus paisean a bheith i ngach duine chun go gcaithfidh sé saol iomlán
·              Ba cheart do dhaoine cur le chéile ar mhaithe le dul chun cinn sa saol
·              Duine luachmhar gach duine againn agus é de cheart aige go gcaithfí leis go macánta agus go cothrom
·              Chun go gcaithfidís saol iomlán ba cheart oiread saoirse agus is féidir a bheith ag daoine fad is nach gcuireann sé sin isteach ar shaoirse daoine eile
·              Bíonn ceangal idir daoine agus an talamh, de bharr na héabhlóide, agus dá réir sin bíonn freagracht orthu go léir maidir le todhchaí an domhain
·              Chun go gcaithfidís saol iomlán, ní foláir go mbeadh ar chumas gach duine dul i ngleic lena chuid fadhbanna agus an fód a sheasamh maidir leis an rud a gcreideann sé ann
·              Ní foláir go mbeadh ar chumas duine féachaint lena chuid fadhbanna féin a réiteach mar nach ann d'aon chumhacht osnádúrtha a réiteoidh na fadhbanna sin dó
 
 
Freagraí
 
Luach                                      Cúis
 
Caoinfhulaingt            Bíonn a cheart féin ag gach duine ar a thuairimí féin fad is nach mbíonn daoine eile thíos leis na tuairimí sin
 
Cumarsáid                  Bíonn de dhualgas ar gach duine dul i dtuiscint ar dhaoine eile chun go dtuigfidh siad a chéile agus go gcabhróidh siad le chéile
 
Mothúcháin                Ba cheart idir íogaireacht agus paisean a bheith i ngach duine chun go gcaithfidh sé saol iomlán
 
Comhoibriú                 Ba cheart do dhaoine cur le chéile ar mhaithe le dul chun cinn sa saol
 
Cóir                             Duine luachmhar gach duine againn agus é de cheart ag gach duine go gcaithfí leis go macánta agus go cothrom
 
Saoirse                        Chun go gcaithfidís saol iomlán ba cheart oiread saoirse agus is féidir a bheith ag daoine fad is nach gcuireann sé sin isteach ar shaoirse daoine eile
 
Imní i dtaobh an        Bíonn ceangal idir daoine agus an talamh, de bharr na
domhain                      héabhlóide, agus, dá réir sin, bíonn freagracht orthu go léir maidir le todhchaí an domhain 
 
           
Misneach                    Chun go gcaithfidís saol iomlán, ní foláir go mbeadh ar chumas gach duine dul i ngleic lena chuid fadhbanna féin agus an fód a sheasamh maidir leis an rud a gcreideann sé ann.
 
Neamhspleáchas        Ní foláir go mbeadh ar chumas duine féachaint lena chuid fadhbanna féin a réiteach mar nach ann d'aon chumhacht osnádúrtha a réiteoidh na fadhbanna sin dó.