Tulach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tulach i mBaile Throimléid, Co. na Mí

Is éard is tulach[1] ann ná dumha atá déanta as cré agus clocha a tógadh os cionn uaighe nó uaigheanna. Faightear iad ar fud an domhain. Tá go leor ainmneacha éagsúla ar a leithéid i nGaeilge: feart,[2] tuaim,[3][4] ráth, créthulach (adhlactha),[5] bara (adhlactha),[6] srl. Tugtar curgan ar a leithéid sa tSibéir agus san Áise Láir.

Aicmítear iad de réir an chrutha sheachtraigh atá orthu. Mar shampla, tugtar tulach fhada ar cheann fada a tógadh os cionn roinnt adhlacthaí, mar shampla ar thuamaí pasáiste, agus tulach chruinn ar cheann a bhfuil cruth cruinn air ón taobh amuigh.

Maidir leis an modh adhlactha laistigh den tulach, d'fhéadfadh go mbeadh dolmain, ciste, nó tuama seomrach i gceist.

In Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Éirinn, tá tulach ann in aice le Grianán Ailigh i gContae Dhún na nGall. Dúirt George Petrie, a rinne suirbhé ar an suíomh go luath sa 19ú haois, go bhféadfadh gur tógadh an tulach sin na céadta bliain roimh Ráth Ailigh, b'fhéidir chomh fada siar leis an ré Neoiliteach. Rinneadh tochailt ar an suíomh in aimsir Petrie, ach níor thángthas ar aon rud a mhínigh a bhrí. Scriosadh é ina dhiaidh sin, ach tá carn de chlocha briste ar an áit ina raibh sí. Tá tulacha cosúil leis ag Cnoc na Teamhrach agus tá roinnt tulach eile ag Brú na Bóinne i gContae na Mí.

Logainmneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an focal “tulach” an-choitianta i logainmneacha in Éirinn agus in Albain:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “barrow — Aistriúchán Gaeilge ar barrow (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-05-03.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): feart” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-03.
  3. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “tumulus — Aistriúchán Gaeilge ar tumulus (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-05-03.
  4. “tuaim” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-03.
  5. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): tumulus” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-05-03.
  6. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): barrow” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-05-03.